Cork Free Presbyterian Church, 10 Briarscourt
(Annex) Shanakiel, Cork, Ireland
Pastor: Colin Maxwell. Email: colin.maxwell@fpcmission.org
CRUACH PHÁDRAIG
Áit a mBíonn Na Gaeil ag Súil le Dia
A Chara,
Ba mhaith liom fíorchaoin fáilte a chur romhat chuig
ceann de na háiteanna is áille in Éirinn.
Tá áthas orm buaileadh leat anseo, ar chósta thiar
Chontae Mhaigh Eo, ag an sliabh maorga a dtugtaí Cruach
Aiglí air fadó. "The Reek" ( i. An Chruach ) a dtugann
muintir na háite seo air, ach is fearr aithne air ag muintir na
hÉireann i gcoitinne faoin ainm "Cruach Phádraig."
Rud a gcuirfeá spéis ann, b’fhéidir, go
bhfuil oilithrigh ag teacht anseo leis na glúnta fada le "Sliabh
Naofa na hÉireann" a dhreapadh. De ghnáth, tógann
sé dhá uair an chloig ar dhuine leis an mbarr a bhaint
amach. Is léir ón slua mór a thagann ar an
Oilithreacht Bhliantúil go bhfuil cion mór ag muintir na
hÉireann ar Naomh Pádraig a rinne, mar a chreidtear,
troscadh agus urnaí ar an sliabh seo ar feadh daicheadh
lá agus daichead oíche.
Mar is eol duit, chuaigh lear mór daoine ar imirce as Iarthar
Éireann – go háirithe le linn an Drochshaoil
– agus is iomaí duine dá sliocht a bhíonn
fós ag SÚIL go bhfillfidh siad ar Éirinn Iathghlas
Oileánach lá éigin leis an sliabh stairiúil
seo a dhreapadh. Dhéanadh a sean is a sinsear Turas na Cruaiche
go féiltiúil an Domhnach deireannach i mí
Iúil. Rinneadh traidisiún teaghlaigh den nós seo
agus bíonn SÚIL ag mórán dár
ndeoraithe filleadh lá éigin le leanúint den
nós seo.
Is iomaí sin duine den seandream a fhéachann ar an
Oilithreacht Bhliantúil seo go Cruach Phádraig mar chuid
d’oidhreacht a sinsear. Mar a dúirt oilithreach
dílis amháin, "Tá mé 72 bhliain
d’aois agus is í seo an cúigiú huair is
tríocha agam an Turas a dhéanamh."
Is iomaí sin cuairteoir i gContae Mhaigh Eo an tráth seo
bliana a thugann faoi deara an fuadar go léir ag Cruach
Phádraig agus a chuireann ceisteanna ar mhuintir na
háite. I measc na gceisteanna sin, bíonn na cinn seo:
"Cén fáth go mbíonn na daoine seo go léir
ag dreapadh an tsléibhe seo? Cad a spreagann iad le tabhairt
faoi thuras chomh deacair? Cad a dhéanann na daoine le linn na
hOilithreachta?
Bíonn muintir na háite go breá sásta a
rá leo go ndreapann mórchuid na nOilithreach an Chruach
mar ghníomh aithrí ina bpeacaí.
Léiriú poiblí ar a ndoilíos ina
bpeacaí is ea an cruatan a bhaineann leis an dTuras agus
bíonn siad ag SÚIL go dtuillfidh siad maithiúnas
Dé mar thoradh ar a bhfulaingt agus ar a ndiúltú
dóibh féin.
Níl an Turas déanta i gceart, dar le cuid mhór
acu, go dtí go bhfuil siad tar éis dul chun Faoistine
agus glacadh leis an gComaoineach ar bharr an tsléibhe. Lena
chois sin, tugann bunáite na nOilithreach iarracht ar
"Stáisiúin na Cruaiche" a dhéanamh. Tá
trí Stáisiún ann, in áiteanna
éagsúla ar an sliabh agus stadann an dreapadóir
chun urnaí a dhéanamh ag gach ceann acu.
Tá Stáisiún Uimhir a hAon, i. Leacht
Beanáin, ag bun chón an tsléibhe. Carn cruinn
cloch atá ann. Siúlann an t-oilithreach thart ar an gcarn
seacht n-uaire le linn dó seacht bPaidir, seacht
n-Áivé agus Cré amháin a rá.
Tosaíonn Stáisiún a Dó nuair a bhaintear
barr an tsléibhe amach. Téann an t-oilithreach ar a
ghlúine ansin agus deireann sé seacht bPaidir, seacht
n-Áivé agus Cré amháin. Guíonn
sé ar Intinní an Phápa, agus siúlann
sé thart ar an Eaglais ar bharr an tsléibhe cúig
huaire déag, le linn dó cúig Phaidir déag,
cúig Áivé déag agus Cré
amháin a rá. Ansin, siúlann sé seacht
n-uaire timpeall Leaba Phádraig agus seacht bPaidir, seacht
n-Áivé agus Cré amháin á rá
aige.
Ag Reilig Mhuire ar shlios thiar an tsléibhe a bhíonn
Stáisiún a Trí. Trí charn cloch atá
ann. Siúlann an t-oilithreach thart ar gach ceann de na cairn
seo faoi sheacht, le linn dó seacht bPaidir, seacht
n-Áivé agus Cré amháin a rá. Ina
dhiaidh sin, siúlann sé thart ar an gclós seacht
n-uaire, is é ag leanúint den urnaí. Tá
"Stáisiúin na Cruaiche" go léir déanta ag
an oilithreach anois.
Is iomaí dreapadóir dílis a dhéanann
troscadh ón mbia – agus ón uisce, fiú
– le linn na hOilithreachta. Diúltaíonn roinnt acu
don chompord a thagann ó bhróga a chaiteamh le linn an
Turais. Ní annamh do na hoilithrigh a mbróga a bhaint
díobh agus a gcosa a charnadh i bhféar. Gach bliain
bíonn mórán fear agus ban le feiceáil ag
dreapadh an tsléibhe is iad cosnochtaithe. Mar thoradh air sin,
gortaítear cosa a lán daoine i rith gach Turais.
Gortaítear daoine eile trí thitim agus bíonn
gá le roinnt acu a iompar den sliabh ar shínteáin.
Dar lena lán, dá dheacracht é an Turas, dá
olcas í an aimsir san am, dá dhéine é an
troscadh, dá mhéid iad na paidreacha a deirtear agus
dá mhéid é an cruatan a fhulaingítear le
linn an Turais, is ea is mó an tairbhe spioradálta don
oilithreach.
B’fhéidir, a chara liom, gurb é a spregann thusa
– ar nós a lán eile – le tabhairt faoi Thuras
na Cruaiche: a ) aithrí a dhéanamh i do pheacaí,
agus b) Loghanna a fháil. (Sa bhliain 1432,
d’fhógair an Pápa Eugenius Logha do gach
oilithreach a thugann cuairt ar Chruach Phádraig. Sa bhliain
1610, dheonaigh an Pápa Pól V Logha dóibh
siúd a thugann cuairt ar an séipéal ar bharr an
tsléibhe). B’fhéidir go bhfuil tusa ag SÚIL
go gcabhróidh do chuid paidreacha, do throscadh, do
dhiúltú duit féin agus an cruatan a fhulaingeos
tú is tú ag dreapadh an tsléibhe – gan
chaint ar na Loghanna a gheobhaidh tú chomh maith – chun
maithiúnas a thuilleamh i do pheacaí, nó
laghdú a fháil ar fhaid do fhulaingthe sa
Phurgadóir.
Ach ní raibh riamh ar itinn Phádraig go
bhfágfaí na daoine le SÚIL éideimhin.
CINNTEACHT agus DEARFACHT an tSlánaithe ba bhun lena
sheanmóireacht go léir. Tugtar "Aspal Éireann" ar
Naomh Pádraig toisc go raibh sé ina uirlis i láimh
Dhé le Soiscéal Ghrásta Dé a thabhairt chun
na tíre seo nuair a bhí greim ag an
bPágántacht ar ár sinsear. Threoraigh Dia
Pádraig chun na hÉireann d’aonghnó chun go
dtuigfeadh ár sinsear cén fáth go bhfuir
Íosa Críost bás agus conas mar a
d’fhéadfadh an bás sin iad a shlánú.
An bhfuil a fhios agat go bfhuil mórán daoine
fíorbhuíoch de Naomh Pádraig agus iad ag
SÚIL go gcasfar orthu sna Flaithis lá éigin
é? Teastaoínn uatha buíochas a ghabháil
leis as grá chomh mór sin a thabhairt do mhuintir na
hÉireann gur chaith sé na blianta fada ag fógairt
slí an tSlánaithe dóibh.
Tá cuid mhór dár sinsear sna Flaithis inniu toisc
gur éist siad le Naomh Pádraig agus gur chreid siad
dá raibh le rá aige leo. D’fhógraíodh
sé brí na Scrioptúr dóibh, ag insint
dóibh conas a fuair an Tiarna Íosa Críost
bás ar an gCrois mar fhear ionaid na bpeacach is É ag
díol iomlán an phionóis ina bpeacaí.
Spreagadh sé na daoine le haithreachas a bheith orthu ina
bpeacaí, agus a ndóchas agus a muinín
iomlán a chur sa Tiarna Íosa Críost – agus
Ann-san amháin – mar Shlánaitheoir. Spreagadh
sé iad lena chreidiúint go maithfí dóibh a
bpeacaí agus so slánófaí a n-anamacha de
bharr a raibh déanta ag Críost thar a gceann ar Chnoc
Calvaire. Ghlac a lán fear agus ban, de gach aicme, sa
tír seo leis an Soiscéal agus d’iompaigh siad chuig
Críost. Tá na creidmhigh seo in éineacht le
Pádraig sna Flaithis anois.
Aon duine atá fós ag SÚIL go gcasfar
Pádraig orthu lá éigin, is féidir leis a
chinntiú go mbuailfidh sé leis an Naomh ar Neamh
trí chreidiúint do na Scrioptúir a
d’fhógraíodh seisin. Baineann an dea-scéala
seo linn chomh díreach céanna is a bhaineadh sé
lenár sinsir nuair a bhíodh Naomh Pádraig á
fhógairt dóibh na céadta bliain ó shin.
B’féidhir go mba shuim leat, a chara dhílis, go
raibh mise ag SÚIL ar feadh na mblianta go rachainn chuig
Flaithis Dé lá éigin. Ach d’athraigh chuile
shórt nuair a chreid mise an dea-scéala a thug
Pádraig leis go hÉirinn. B’fhéidir go
ligfeá dom a mhíniú duit cén fáth
nach bhfuil SÚIL ÉIDEIMHIN AGAM FEASTA.
Ar feadh na nglúnta fada, ba Chaitlicigh
Rómhánacha fíor-chráifeacha iad mo mhuintir
agus, go deimhin, d’oscail duine de mo shinsir a teach le
húsáid mar Shéipéal a léití
an tAifreann go tráthrialta ann. Bhí mo thuistí
féin an-ghafa lena nEaglais. Bean mhór chun urnaí
ab ea mo mháthair agus Nóibhéiní agus an
Choróin Mhuire á rá aici go rialta. Thugadh
sí mórán ama do Dheabhóid na Maighdine
Beannaithe agus do mhórán de na Naoimh. Bhí
m’athair bainteach le Bráithreacht an Teaghlaigh Naofa,
cuallacht fear a thagadh le chéile uair sa tseachtain le adhradh
a thabhairt d’Íosa, do Mhuire agus d’Iósaef,
a dtugtaí "An Teaglach Naofa" orthu triúr.
Chuaigh ár dtuistí go mór i bhfeidhim orainn nuair
a bhíomar inár leanaí agus is cuimhin liom mar a
théadh gach duine againn ar ár nglúine
tráthnóna is an Choróin Mhuire á rá
againn. Lena chois sin, théinnse le m’athair go minic
chuig a lán de chruinnithe Bhráithreacht an Teaglaigh
Naofa in imeacht na mblianta.
Thosaigh mo chuid scolaíochta sa Chlochar áitiúil
mar a bhíodh na Mná Rialta mar mhúinteoirí
againn. Tar éis dom mo Chéad Chomaoineach a ghlacadh,
chuaigh mé chuig scoil na mBráithre
Críostaí. Ba Phrotastúnach é duine de na
buachaillí i mo rangsa. Mar a tharla, ba é an t-aon
Phrotastúnach sa scoil ar fad. Cé gur de chúlra
difriúil agus de thraidisiún difriúil sinne,
bhíomar inár gcairde maithe. Bhí rud amháin
i gcoitinne againn: bhíomar araon ag SÚIL go rachaimis
isteach sna Flaithis, tar éis dúinn bás a
fháil.
Bhínnse ag SÚIL go bhfaighinn isteach sna Flaithis toisc
gur Chaitliceach Rómhánach mé. Bhínn ag
SÚIL go raibh mé ar mo bhealach chun na bhFlaitheas toisc
gur baisteadh mé is mé i mo naíonán agus
toisc go dtéinn chun na Faoistine níos
déanaí - Faoistin a bhfaighinn inti aspalóid
ón sagart i mo pheacaí. Bhínn ag brath go
mór ar an gComaoineach a ghlacainn, is mé ag
creidiúint go raibh Corp agus Fuil Chríost á
ghlacadh agam gach uair dá shlogfainn siar an Naomhabhlann. Lena
chois sin, chuaigh mé faoi láimh Easpaig nuair a
bhí mé dhá bhliain déag agus bhí
mé i mo Aifreannach maith ina dhiadh sin. Bhí na
rudaí sin, dar liom, i m’fhábhar os comhair
Dé. Mar sin, bhínn ag SÚIL go tréan go
bhfaighinn isteach ar Neamh, ó bhí mé tar
éis na Sacraimintí a ghlacadh.
Ar a thaobh féin, bhí mo chara ag SÚIL nach raibh
aon chaill ar a anam ó tharla gur baisteadh é agus go
raibh sé cláraithe mar bhall den Eaglais
Phrotastúnach. Bhí seisean ag brath ar an eolas a
bhí aige ar Theagasc Críostaí a Eaglaise
féin, ar an bhfreastal a dhéanadh sé ar an Scoil
Domhnaigh, ar a dhul faoi láimh Easpaig agus ar an bhfreastal
rialta a dhéanadh sé ar na seirbhísí ina
Theampall. Bhí SÚIL aige dáiríre go
gcinnteodh na rudaí sin go léir áit sna Flaithis
dó.
Anois, bhí mise ag SÚIL go mbeadh an Eaglais Chaitliceach
Rómhánach ag obair ar mo shon agus go
ndéanfaidís gach rud a bhí riachtanach le
háit a fháil dom ar Pharrtas Dé. Bhí mo
chara ag SÚIL go ndéanfadh an Eaglais
Phrotastúnach a raibh sé bainteach léi gach
iarracht le háit sna Flaithis a chur in áirithe
dó. Bhí an bheirt againn ag SÚIL go mbeadh
ár nEaglaisí féin ag obair go dícheallach
le slánú a chinntiú dúinn.
Tar éis dom an scoil a fhágáil, fuair mé
post le hadhlacóir. Is iomaí duine croí-bhriste a
chonaic mé ar na sochraidí, daoine a bhí ag
SÚIL go raibh a gcara nó a nduine muinteartha, a
bhí á adhlacadh, tar éis dul isteach sna Flaithis.
Chonaic mé na gaolta croí-bhriste ag gol le hais na
huaighe is iad ag SÚIL go raibh a ngaolta marbha tar éis
dul le bheith ina gcónaí leis an Tiarna. Ar
shochraidí na gCaitliceach Rómhánach,
bhíodh an sagart ag iarraidh sólás a thabhairt don
teaghlach. Ach ní raibh seisean – ach oireadh leosan
– ach ag SÚIL go raibh an duine a bhí ag dul san
úr imithe chun na bhFlaitheas. Ní raibh a fhios sin ag an
sagart ná ag an dteaghlach, ná ag aon duine de lucht
caointe na marbh.
Ar eagla nár leor a ndearna an marbh nuair a bhí
sé fós beo agus nár oibrigh sé dian go leor
leis an slánú síoraí a thuilleamh,
léadh an sagart Aifreann na Marbh le SÚIL go mba chabhair
éigin é sin leis an duine a fháil isteach sa
ghlóir shíoraí. Cheannaíodh an teaglach
agus na cairde Cártaí Aifrinn agus ina dhiaidh sin
d’íocaidís airgead leis na sagairt as Aifrinn a
léamh ar son a gcarad grámhar. Bhídis ag
SÚIL go gcuideodh na hAifrinn leis an duine marbh dil a sheoladh
chuig na Flaithis. Léití na hAifrinn chéanna, go
deimhin, go ceann na mblianta fada agus na daoine a
d’íocadh astu ag SÚIL i ndáiríre go
gcuideodh a n-iarrachtaí go léir le hanam a gcarad a
shlánú.
Gach bliain, i mí na Samhna, chuireadh na sagairt liosta amach
chuig gach teach ina bparóiste, chun go scríobhadh na
daoine síos ainmeacha a ngaolta marbha ionúine.
Chuirtí na liostaí ar ais chuig na sagairt agus ansin
léití Aifrinn ar Lá Fhéile na Marbh ar son
suaimhneas síoraí na ndaoine go léir ar na
liostaí le SÚIL go gcabhródh na hAifrinn lena
n-anamacha a shlánú.
Is cuimhin liom mo mháthair a fheiceáil is í ag
breacadh ainmeacha ár marbh ar an liosta agus ag cur an liosta
chuig an sagart ansin maraon leis an airgead chun íoc as Aifrinn
na Marbh. Bhí sise ag SÚIL go bhféadfadh sí
cabhrú ar an dóigh sin le háit sna Flaithis a
chinntiú dá haos grá.
Lena chois sin, d’féadfhadh daoine dul chuig an
Séipéal Lá Fhéile na Marbh agus na
paidreacha ceaptha a rá, le SÚIL go
ndéanfaidís cuid de na "hAnamacha Naofa" a scaoileadh
ón bPurgadóir. Bhí gach duine ag SÚIL go
n-éireodh leis na hiarrachtaí seo ach níorbh
fhéidir leo a bheith cinnte.
Ar na sochraidí Protastúnacha, bhíodh an
Ministéir ag iarraidh sólás a thabhart do na
daoine croíbhriste. Bhí a gcroí istigh á
réabadh toisc nárbh eol dóibh go cinnte an raibh
an marbh ab ansa leo tar éis dul go dtí na Flaithis.
Bhíodh na gaolta, na cairde agus na comharsana ag SÚIL go
raibh. Bhíodh an Ministéir ag SÚIL freisin go
raibh gach rud i gceart idir an marbh dil agus Dia. Bhí siad go
léir ag SÚIL, ach ní raibh fhios go cinnte ag aon
duine acu.
Dúirt mé liom féin ansin, "Cad a tharlós
dom nuair a bhéas sé in am agam féin le bás
a fháil?" D’fhéadfainn mé féin a
shamhlú ar leaba mo bháis: mé ag SÚIL, gan
chinnteacht ar bith, go bhfaighinn isteach sna Flaithis agus ag
SÚIL nach rachainn go hIfreann. Nach scanrúil an
scéal é, is tú ag fáil bháis,
éiginnteacht agus amhras uafásach a bheith ort faoin
áit a bhfuil tú ag triall uirthi. Ó, nach liom ab
fhearr ná saibhreas saolta ar bith, a fhios a bheith agam go
cinnte dearfa, gan lá amhrais agam, go rachainn ar na Flaithis
nuair a gheobhainn bás.
Na blianta in dhiadh sin, bhí mé fós ag
SÚIL. Faoin am seo, bhí me pósta agus clann agam.
Dá gcuirfeadh duine de na páistí an cheist orm san
am sin, "A Dhaid, an rachaidh tú sna Flaithis nuair a gheobhaidh
tú bás?" bheadh orm a rá, "Tá SÚIL
agam go rachaidh, ach níl a fhios agam go cinnte." Ba mhian liom
go mór a fhios a bheith agam!
Ansin, i mí na Samhna 1975, casadh orm cara a dúirt liom
go raibh a fhios aige go cinnte dearfa go rachadh sé go
díreach isteach sna Flaithis nuair a gheobhadh sé
bás. Bhí aithne agam ar an bhfear seo le blianta fada
agus b’eol dom go mbíodh seiseann ag SÚIL ar feadh
i bhfad – mar a bhínnse féin – go bhfaigheadh
sé isteach sna Flaithis lá éigin. Ach is é
a bhí á rá aige liom anois nach raibh sé ag
SÚIL A THUILLEADH, ach gurbh EOL dó dáiríre
go racadh sé isteach sna Flaithis. D’iarr mé air a
shoiléiriú dom conas a d’fhéadfadh sé
cinnteacht mar sin a bheith aige agus is é adúirt
sé liom go bhfuair sé an chinnteacht sin ó bheith
ag léamh na Scrioptúr agus ó ghlachadh lena
dteagasc. Dúirt sé liom go raibh Dia tar éis A
Phlean a nochtadh dúinn sna Scrioptúir – an plean
sin Aige chun sinne a shlanú. Ansin mhol sé dom agus
spreag sé mé leis na Scrioptúir a léamh dom
féin.
Léigh mé i 1 Eoin 5:9-13 na briathra beannaithe iontacha
seo i dtaobh Íosa, "Má ghlacaimid le fianaise dhaonna is
treise arís fianaise Dé; agus is é seo fianaise
Dé gur thug sé teastas gurbh é a Mhac é. An
té a chreideann i Mac Dé tá an teastas sin aige
ina chroí istigh; an té nach gcreideann i nDia,
bréagnaoínn sé é mar nach gcreideann
sé an teastas a thug Dia ar a Mhac féin. Seo é
brí na fianaise gur thug Dia an bheatha shíoraí
dúinn agus is ina Mhac atá an bheatha sin. An té a
bhfuil an Mac aige, tá an bheatha aige; an té nach bhfuil
Mac Dé aige, níl an bheatha aige. Scríobh
mé ne nithe seo chugaibh go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil an
bheatha shíoraí agaibhse a chreideann in ainm Mhic
Dé."
Bhí an dubh-iontas orm faoi na focail sin "go mbeadh a FHIOS
agaibh." Sin é an t-eolas a raibh gá agam leis! Is ea,
bhí géarghá agam lena FHIOS a bheith agam. Is
mór an difríocht idir a bheith ag SÚIL le rud agus
A FHIOS a bheith agat go bhfuil an rud sin agat. Agus b’sheo agam
i mBriathar Dé é; is féidir i
ndáiríre A FHIOS a bheith agat go bhfuil an bheatha
shíoraí agat.
Ach cé hiad na daoine a raibh an tAspal ag scríobh na
nithe seo chucu, arsa mise liom féin. Agus ba ansin a chonaic
mé an freagra agus é scríofa go soiléir
beacht i Scrioptúir Dé: "Scríobh mé na
nithe seo chugaibh…a chreideann . ." "Sibhse a chreideann CAD
É?" a d’fiafraigh mé díom féin.
Bhí freagra mo cheiste scríofa sna véarsaí
a raibh mé tar éis iad a léamh. Bhí an
tAspal ag scríobh chuig na daoine a chreid don mhéid a
bhí ráite ag Dia faoina Mhac. Tá sé
scríofa i véarsa a 11, "Seo é brí na
fianaise, gur thug Dia an bheatha shíoraí dúinn
agus is ina Mhac atá an bheatha sin."
B’sheo agam é! Is i gCríost, i bPEARSA, atá
an bheatha shíoraí. De réir na Scrioptúr,
is i bPearsa an Tiarna Íosa Críost atá an bheatha
shíoraí; Ann-san agus sa mhéid a rinne Seisean
thar ceann na bpeacach. Don chéad uair i mo shaol, bhí na
fíricí os mo chomhair go dosheachanta – an
fhírinne gur i bPearsa atá an bheatha
shíoraí agus ní i gcóras Creidimh nó
Reiligiúin.
Ansin, i Eoin 14:6, léigh mé na focail seo:
"D’fhreagair Íosa, ‘Is mise an tslí, agus an
fhírinne agus an bheatha; ní thagann aon duine chun an
Athar muna dtagann sé tríom.’" Bhí mé
tar éis a chreidiúint leis na blianta fada gurbh é
an Reiligiún an tslí chun na beatha síoraí,
an bealach chun na bhFlaitheas. Ach ba léir dom anois nach ar an
Reiligiún a bhí na Scrioptúir ag trácht ach
ar chaidreamh leis an Tiarna Íosa Críost. Is amhlaidh a
bhí mé ag léamh i mBriathar Dé faoin
dtábhacht a bhaineann le creidiúint don Phearsa seo agus
le muinín agus dóchas a chur Ann agus le bheith ag brath
go hiomlán Air. I Eoin 3:16, léigh mé na focail:
"Mar bhí grá Dé don domhan chomh mór sin,
gur thug sé uaidh a AonMhac, ionas nach gcaillfí an
té a chreideas ann ach go mbeadh an bheatha
shíoraí aige."
Thug mé faoi deara sa véarsa seo na focail: "Bhí
grá Dé don domhan chomh mór sin." Ach an raibh
mise san áireamh, d’fhiafraigh me díom féin?
An raibh grá ag Dia dom, mar dhuine, dfhiafraigh mé
arís? B’eol dom gur peacach mé – tuigeann
tú – agus bhí a fhios agam go gcaithfí
díol as mo pheacaí. Go deimhin, léigh mé sa
Tiomna Nua, i Rómh. 3:23, na focail seo: "Pheacaigh an uile
dhuine agus tá siad in easpa glóire Dé." Mhuise,
bhí a fhios agam go raibh mise san áireamh sna focail
sin! Bhí Briathar Dé glan soiléir. Dúradh
go bhfuil peaca déanta ag gach duine againn. Ach nuair a
léigh mé Rómh. 5:8, tháinig misneach
mór ionam, ó tá sé ráite ansin: "Ach
is mar sin a nocht Dia an grá a thug sé dúinn go
bhfuair Críost bás ar ár son nuair a
bhíomar fós inár bpeacaigh." Nach iad na focail
sin a chuir an ola ar mo chroí is mé á
léamh!
Ansin léigh mé na focail seo i 1 Pead. 2:24,
faoinár dTiarna Íosa Críost: "Ba é a
d’íoc as ár bpeacaí lena chorp féin
ar an gcrann." Chuaigh na focail "ár bpeacaí" go
mór i bhfeidhm orm! I Gal. 1:4, léigh mé na
briathra seo ag tagairt don Slánaitheoir: "a thug é
féin suas in éiric ár bpeacaí." Bhí
mé tar éis a léamh faoi ghrá Dé don
DOMHAN, agus faoin dóigh a bhfuair Críost bás
DÚINN. Bhí léiriú soiléir sa
mhéid a bhí léite agam ar an dóigh inar
thóg Críost Air féin ÁR bpeacaí-NE,
agus ar an dóigh ar thug Sé É féin ar
ÁR son. Ach maidir liom féin, ba í an cheist ba
thábhachtaí "An raibh grá ag Dia DOMSA?" Ba
bhreá, cinnte, a bheith ag léamh faoi ghrá
Dé DON DOMHAN, ach ceárd FÚMSA mar dhuine?
Fuair mé freagra mo cheiste nuair a léigh mé na
focail seo leanas i Gal. 2:20, "..Mac Dé, an té a thug
grá DOM, agus a thug a anam féin i ngeall ORMSA." Sin
é díreach an rud ba ghá dom a léamh, an
t-eolas a bhí de dhíth go mór ormsa!" Bhí a
fhios ag an Aspal Pól – an té a scríobh an
Litir chun na nGalátach – nach é amháin go
raibh grá ag Dia don domhan, ach go raibh grá Aige
dó féin chomh maith. Bhí a fhios aige gur fhulaing
Críost an Pháis dó, agus go bhfuair Sé
bás dó ar Chrois Chnoc Calvaire. Bhí a fhios ag
Naomh Pól go ndearnadh Críost a chrocadh ar an gChrois
mar Fhear Ionaid thar a cheann chun an éiric a dhíol go
huile agus go hiomlán as cionta is as peacaí an uile
dhuine a bheadh aithríoch agus a chuirfeadh a mhuinín
iomlán Ann. Arís, b’shin é an t-eolas a
raibh géarghá agam féin leis! Thuig mé gur
peacach mé agus go gcaithfí réiteach a
fháil ar mo pheacaí. B’fhada liom go mbeadh a fhios
agam an raibh grá chomh mór sin ag DIA DOMSA gur chuir
Sé Uaidh a Mhac Beannaithe féin le bás a
fháil do MO PHEACAÍ-SE – do na peacaí a
rinne mé féin.
Is mé ag athléamh na véarsaí seo,
d’éirigh an fhírinne an-soiléir dom.
Bhí grá ag Dia dom, go CINNTE, agus go deimhin
léirigh Sé méid A ghrá dom ag an gCrois.
Léigh mé na focail seo arís eile: "Mac Dé,
an té a thug grá DOM, agus a thug a anam féin i
ngeall ORMSA" (Gal. 2:20). Is ea, ba léir dom anois go raibh
grá an Dia domsa mar dhuine. Bhí grá chomh
mór sin Aige gur chuir Sé Uaidh A Mhac Féin, An
Tiarna Íosa Críost, le bás a fháil ar
Chrois Chnoc Calvaire, chun an éiric a dhíol go huile
agus go hiomlán as mo chionta agus as mo pheacaí-se. Ba
É Íosa Críost – an té a thug
grá dom agus a thug A anam i ngeall ormsa – a dhíol
go huile agus go hiomlán gach a raibh gá leis chun go
maithfí mo pheaca; agus is mar ionaidí, nó mar
fhear ionaid, thar mo cheann a rinne Sé amhlaidh.
Ach cén fáth go ndéanfadh Dia é seo domsa,
atá i mo pheacach? d’friafraigh mé díom
féin. Bhí an freagra glé soiléir sna
Scioptúir. Rinne Sé é toisc go raibh grá
Aige DOMSA!
I Tít. 3:4-5 léigh mé na focail seo: "Ach nuair a
nochtadh cineáltas Dé, agus a ghrá don chine
daonna, shaor sé sinn. Agus ní de bharr aon dea-oibreacha
fíréantachta a bheith déanta againne ach as ucht a
thrócaire féin." Bhí iontas as cuimse orm nuair a
léigh mé sna véarsaí seo faoi Phlean
Dé chun ár Slánaithe. Níorbh é an
reiligiún a rinne ár saoradh agus ár
slánú ach Dia É Féin. Ach cén
fáth gur shlánaigh Sé sinn, d’fhiafraigh
mé?
Sna véarsaí a raibh mé i ndiaidh iad a
léamh, bhí sé ráite go han-soiléir
nach de bharr ár gcuid dea-oibreacha féin nó
ár ngíomhartha fíréantachta nó
iarrachtaí ar bith eile dár gcuid a rinne Dia sinn a
shlánú. Go deimhin, de réir Bhriathar Dé,
níl baint dá laghad ag ár n-iarrachtaí
féin lenár slánú. Ní chuireann Dia
san áireamh iad, fiú amháin.
Tugadh léiriú an-soiléir dom sna Scrioptúir
ar an bhfírinne seo: nach de bharr a bhfuil déanta
AGAINNE, ach de bharr a bhfuil déanta AG DIA thar ár
gceann, a shlánaítear sinn. Is mar gheall ar A
THRÓCAIRE a shlánaigh Sé sinn. Sna
véarsaí seo tá sé luaite gur "nochtadh
cineáltas Dé agus A ghrá." Chuir mé an
cheist orm féin anois: cén uair a "nochtadh"
cineáltas agus grá DÉ? De réir na
Scrioptúir, nochtadh, nó taispeánadh grá
Dé, trína léiriú ar Chnoc Calvaire is an
Tiarna Íosa Críost ag fulaingt agus ag fáil
bháis ar an gCrois. Ní raibh focal ar bith sa
mhéid a bhí á léamh agam faoi aon bhaint
idir an reiligiún nó dea-oibreacha le Slánú
Dé.
Go deimhin, ba chuma, de réir Bhriathar Dé, cad iad ne
dea-oibreacha fónta nó iarrachtaí eile a
dhéanfainn d’fonn mé féin a
shlánú. Ba chuma sa tsioc cén Eaglais a mbeinn i
mo bhall di. Ní raibh ar chumas cheann ar bith de na nithe sin
– nó ar a gcumas sin go léir – anam a
shlánu choíche. Bhí an teagasc sa Bhíobla
soiléir: go mbronntaí agus go mbronntar an
Slánú i ngeall ar thrócaire Dé.
Ba mhór an dúshlán é seo domsa mar dhuine a
bhí ag SÚIL leis na blianta fada go
bhféadfaí mé a shlánú ach mé
a bheith cráifeach, is mé ag brath ar an Eaglais agus ag
déanamh mo sheacht ndícheall. Bhí mé ag
SÚIL, ach ní raibh A FHIOS agam riamh – agus
bhí mé ag ceapadh nach bhféadfadh A FHIOS a bheith
agam nó go bhfaighinn bás – ar leor a raibh
déanta ag an Eaglais, nó agam féin, le
Slánú síoraí a chinntiú dom.
Anois, don chéad uair i mo shaol, bhí orm aghaidh a
thabhairt ar an méid a bhí ráite ag Dia ina
Bhriathar Naofa. Ba léir narbh fhéidir leis an Eaglais
– ba chuma cén Eaglais a mbeinn i mo bhall di –
mé a shlánú go deo. Ba rí-léir
freisin gur chuma cad iad na hiarrachtaí nó na
dea-oibreacha a dhéanfainn, nárbh fhéidir leo sin
ach oiread an slánú a thuilleamh dom.
Sna Scrioptúir Bheannaithe, áfach, léigh mé
an DEA-SCÉALA, gur LEOR a ndearna an Tiarna Íosa
Críost – sin LEORGHNÍOMH anois! –
trína bhás ar an gCrois le mé a
shlánú. Sa Tiomna Nua, i Tít. 2:11, léigh
mé: "Óir tá grásta Dé foilsithe
anois, ag cur slánú ar fáil don uile
dhuine…" B’sheo agam an difríocht mhór idir
bealach an tsaoil mhóir chun ár slánaithe agus
bealach Dé. Ba é bealach an tsaoil é seo a leanas:
bí i do bhall d’Eaglais áirithe; déan do
dhícheall; oibrigh do phasáiste chun na bhFlaitheas. Ach
cad é an toradh ar an mbealach seo sa deireadh thiair?
Ró-mhaith a bhí an toradh ar eolas ag mo chara
Protastúnach ar scoil agus agam féin.
D’fhágfaí thú AG SÚIL ó
lá go lá go bhfaighfeá isteach ar na Flaithis agus
AG SÚIL nach go hIfreann a rachfá. Ní raibh de
thoradh ar do mhuinín a chur i mbealach an tsaoil seo chun do
shláinithe ach go mbeimís ag SÚIL ó
lá go lá ach nach bheadh tada againn ar uair ár
mbáis le greim a bhreith air. Ní bheadh cinnteacht
ná siúráilteacht ar bith againn. Ní
fhéadhfadh ár nEaglaisí ar leith, ár
Sagairt nó ár Ministrí faoi sheach, cinnteacht
ná barántas ar bith a thabhairt dúinn óir
ní raibh siad féin, ach oiread linne, ach ag SÚIL
go bhfaighimisne agus go bhfaighidís féin isteach sna
Flaithis lá éigin.
Ach bhí Plean Dé le haghaigh ár Slánaithe
chomh héagsúil leis seo. Tá sé raite,
"Óir tá grásta Dé foilsithe anois, ag cur
slánú ar fáil don uile dhuine" (Tít. 2:11).
Tá caint anseo ar Ghrásta Dé, is é sin,
lé nó báidh ag Dia le peacaigh, lé nach
raibh tuillte againn. Is rí-léir ó na focail
"Grásta Dé ag cur slánú ar fáil" gur
ó Ghrásta a thagann slánú. Is é
atá ann, Dia ag síneadh lámh chúnta don
pheacach a bhí gan chúnamh, is É ag nochtadh
dó go bhfuil an oiread sin grá Aige dó gur chuir
Sé A Mhac, An Tiarna Íosa Críost, chun na Croise.
Ansin rinneadh ionadaí, nó fear ionad, den Tiarna
Íosa agus é ag fáil bháis IN IONAD an
pheacaigh. Dhíol Sé éiric na bpeacaí ar
chóir don pheacach féin í a íoc.
D’fhulaing Críost Ifreann ar an gCrois chun nach mbeadh ar
an bpeacach dul go hIfreann.
Chuir an tAspal Pól an scéal go léir i
mbeagán focal nuair a scríobh sé:
"fíréanaítear iad trína ghrásta mar
bhronntanas, tríd an fhuascailt atá in Íosa
Críost" (Rómh. 3:24). Chuaigh an méid a
léigh mé anseo go mór i bhfeidhm orm. Tá
sé ráite "fíréanaítear
iad…MAR BHRONNTANAS." Fíréanaítear sinn MAR
BHRONNTANAS! Focal mór é an "BRONNTANAS" sin. Is é
ba bhrí leis gur MAR BHRONNTANAS saor in aisce a thug Dia an
Slánú do dhaoine peacúla. Níor ghá
do pheacach saothrú lena thuilleamh. BRONNTANAS ó Dhia
don pheacach an Slánú.
D’féadhfadh Dia an bronntanas seo a thabhairt don
pheacach toisc gur íocadh éiric nó fiacha a
pheachaí cheana – ar an gCrois ar Chnoc Calvaire.
Chiallaigh sé seo gur BRONNTANAS SAOR IN AISCE DOMSA ó
Dhia a bhí san fhuascailt Shíoraí.
Shín mé amach mo lámh chuig Dia trí
chreideamh, ag rá, "A Thiarna, is eol dom gur peacach mé
agus go bhfuil sé tuillte agam go rachainn go hIfreann.
Tá a fhios agam nach féidir leis an Eaglais tada a
dhéanamh chun mo Shlánaithe. Aithním freisin nach
féidir liomsa aon cheo a dhéanamh le háit ar Neamh
a thuilleamh nó a cheannach dom féin. Is fada mise ag
SÚIL – ar feadh mo shaoil – gur leor í obair
na hEaglaise dom maraon le mo chuid dea-oibreacha féin. Ach is
eol dom anois gur i bPlean an tSaoil seo chun Slánaithe agus
nach i bPlean Dé chun mo Slánaithe a bhí mo
mhuinín. Tugaim buíochas ó chroí duit as a
thaispeáint dom go soiléir ó na Scrioptúir
gur bronntanas é an Slánú – bronntanas a
thugann Tusa don pheacach saor in aisce. Tá mé
fior-bhuíoch Díot nach é amháin go raibh
grá agat don domhan ach go raibh grá chomh mór sin
agat DOMSA gur chuir tú uait do Mhac, Íosa, le bás
a fháil thar mo cheann. Buíochas leat, a Thiarna!"
Ón lá sin i leith, nílim ag brath a thuilleadh ar
an reiligiún nó ar dhea-oibreacha le mo
shlánú. Tá cairdeas agus caidreamh pearsanta agam
leis an dTiarna Íosa Críost agus is Airsean atá
mé ag brath le mo shlánú. Is É Féin
"Mac Dé, an té a thug grá DOM, agus a thug a anam
féin i ngeall ORMSA." Bhí aithreachas orm i mo
pheacaí agus tá maithiúnas faighte agam iontu.
Sa lá inniu is mé ag léamh na bhfocal sin i 1 Eoin
5:13, is eol dom cad is ciall leo: "Scríobh mé na nithe
seo chugaibh go mBEADH A FHIOS agaibh go bhfuil an bheatha
shíoraí agaibhse a chreideann in ainm Mhic Dé." Is
in Íosa Críost atá mo mhuinín le bheith ina
Shlánaitheoir agam. Is Air, agus Airsean amháin,
atá mé ag brath le haghaidh mo shlánaithe –
Airsean agus ar an obair a rinne Seisean thar mo cheann is É ag
fulaingt na Páise agus ag fáil an bháis ar an
gCrois ar Chnoc Calvaire. Mar gheall air sin, tá gealltanas
Dé agam go bhfuil an bheatha shíoraí agam.
NÍLIM AG SÚIL FEASTA, ach TÁ A FHIOS AGAM anois go
rachaidh mé sna Flaithis lá éigin. Is cuma an
Caitliceach Rómhánach nó Protastúnach
thú; ní air sin atá an chinnteacht seo bunaithe.
Is amlaidh atá sí bunaithe ar an bhfíric go raibh
"grá Dé don domhan chomh mór sin gur thug
Sé Uaidh a AonMhac, ionas nach gcaillfí an té a
chreideas ann ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige"
(Eoin 3:16).
CUIREADH
A Chara, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leat as an am
a ghlac tú leis an gcuntas seo a léamh ar an gcúis
nach bhfuil mé AG SÚIL go héidimhin FEASTA.
B’fhéidir gur tháinig tú chuig Cruach
Phádraig inniu is tú AG SÚIL go dtuillfeá
maithiúnas a fháil i do pheacaí trí
dhreapadh an tsléibhe, trí throscadh, trí
ghníomhartha Aithrí, agus trí Loghanna a bhaint
amach. Ar nós an oiread sin d’oilithrigh dhílse
eile, is féidir gurbh amhlaidh a bhí tú ag
déanamh do dhíchill leis na blianta chun dea-shaol
cráifeach a chaitheamh. Nó b’fhéidhir go
raibh tú ag brath le haghaidh do shlánaithe ar bheith i
do bhall d’Eaglais áirithe.
Ach, ina dhiadh sin is uile, fiú tar éis duit Turas na
Cruaiche a dhéanamh, tá tú ag filleadh abhaile
inniu is gan tú ach ag SÚIL, is gan chinnteacht ar bith
go bhfuil gach rud go maith idir thú féin agus Dia. Is
féidir go bhfuil tú AG SÚIL dáiríre
go rachaidh tú ar Neamh ar uair do bháis, ach NÍL
A FHIOS AGAT.
Ach smaoinigh ar an rud a dhéanadh Naomh Pádraig an
té a dhreap an sliabh seo abhus i gCo. Mhaigh Eo. Chuireadh
seisean i gcuimhne dár sinsear ina chuid seanmóireachta
an Té sin a d’iompair Crois chéasta suas Sliabh
Calvaire – an Té sin a d’fhulaing pianta na
Páise agus bás na Croise ar son na bpeacach.
Mar sin, in ionaid bheith ag brath ar an dTroscadh, ar
ghníomhartha Aithrí, ar Loghanna nó ar do
dhea-oibreacha fónta nó ar do chleachtaí creidimh
féin le haghaidh do Shlánaithe, cad chuige nach
gcuirfeá do mhuinín agus do dhóchas sa Té
sin a labhraoídh Naomh Pádraig ina thaobh? Nó
cén fáth nach mbeifeá ag brath go hiomlán
Airsean? Spreagadh "Aspal Eireann" ár sinsear le
féachaint chuig an Tiarna agus le bheith ag brath Airsean, an
Té sin adúirt, "Iompaígí chugamsa agus
tá sibh slánaithe, a chríocha na talún
uile; óir is mise Dia, agus níl m’athrach ann!"
(Íseáia 45:22).
Tá cuireadh á thabhairt ag an Tiarna duitse, a chara
dhílis, teacht Chuige ANOIS: "Gabhaigí i leith ansin,
agus pléimis an scéal a deir an Tiarna. Má bheadh
bhur bpeacaí ar nós craoraig, déanfar níos
gile iad ná sneachta; má bheadh siad chomh dearg leis an
gcorcra, amhail olann a dhéanfar iad" (Íseáia
1:18).
Bí sásta a aithint agus a admháil gur peacach
thú agus iompaigh Chuige ANOIS is aithreachas ó
chroí ort i do pheacaí, agus cuir do mhuinín agus
do dhóchas Ann le do chionta a mhaitheamh duit agus le do
shlánú-sa. Is ansin a fhéadfaidh tú a
rá: "NÍLIM AG SÚIL GO hÉIDEIMHIN A
THUILLEADH. Is DEIMHIN LIOM go rachaidh mé isteach sna Flaithis,
ó tá mé ag brath go hiomlán ar ‘Mac
Dé, an té a thug grá DOMSA agus a thug a anam
féin i ngeall ORMSA.’ "
Cóipcheart © Risteárd Mac Eocaidh 2001 (Aistriú: Seathrún Mac Éin)
"No longer hoping" By Dick Keogh (In English) How this Roman Catholic came to Christ.